In Aghaidh na Díchuimhne: Dúshlán Mháiréad Ní Ghráda do Mhórscéal Fearúil Réabhlóid na hÉireann (le Síobhra Aiken)
Tugadh moladh mór don chnuasach gearrscéalta An Bheirt Dearbhráthar agus Scéalta Eile le Máiréad Ní Ghráda nuair a foilsíodh é sa bhliain 1939. Baineann na gearrscéalta le tréimhse réabhlóid na hÉireann (1916–21) agus go speisialta le Cogadh na gCarad (1922–23), agus maíonn Philip O’Leary gurb í Ní Ghráda ‘the most original Gaelic writer of fiction on the war’. In ainneoin sin, is beag aird chritice a thuill an cnuasach go dtí seo. San aiste seo, áitítear gur féidir an cáineadh géar ar chóras patrarcach an stáit a shamhlaítear le mórdhrámaí Ní Ghráda – An Triail (1964) agus Breithiúnas (1968) – a rianú siar go dtí na saothair a scríobh sí sna 1930í. Go deimhin, tá cáineadh sa chnuasach ar an bhfearúlacht ghaisciúil a bhí ag croílár mhórscéal oifigiúil Chogadh na Saoirse, bíodh is go mbaintear leas as straitéisí reacaireachta ar leith chun an cáineadh sin a mhaolú agus a cheilt. Déantar iniúchadh freisin ar na cúiseanna ar ligeadh gearrscéalta cogaidh Ní Ghráda i ndearmad, dearmad a ardaíonn ceisteanna faoi phróiseas na ‘díchuimhne cultúrtha’ (faoi mar a thugann Guy Beiner uirthi), go speisialta ó thaobh cúrsaí teanga agus cúrsaí inscne de, agus ó thaobh na teire a shamhlaítear go minic le Cogadh na gCarad.